4:04

Client Testimonials

July 06, 2022

Video Transcript


Speakers: Carmel Nic Eochaidh, Bainisteoir - Spleodar. Aogan Mac Conmara, Bainisteoir Riarúchán, Spleodar. Micheal Ó Dómhnaill, Bainisteoir, Coláiste Chiaráin. Sinéad Ní Dhonnchú, Leas-Phríomhoide, Coláiste Chamuis. Sinead Breen, Leas-phríomhoide, Coláiste Chamuis. Aoife de Paor , Coláiste Chiaráin . Neasa Nic Shéalaigh, Príomhoide , Coláiste Chamuis

Déan cur síos ar conas a bhí sé tús a chur le úsáid ardán OGMA. An raibh an “settáil suas” amsacaí nó éasca?

Aogan Mac Conmara: Ní raibh aon strus ag baint leis an gcóras a settáil suas. Logáil mé isteach ann agus bhí gach rud ann. Réidh le dul.

Carmel Nic Eochaidh: Bhí sé éasca ag an tús nuair a thosaigh muid ag obair le OGMA. Fuair muid nasc a lig dúinn spraoi leis an gcóras agus ligeann orainn gur tuismitheoirí muid agus go raibh muid ag clárú scoláirí. Fuair muid na teimpléid ar fad a théann amach chucu agus aon athruithe a theastaigh uainn a dhéanamh, bhí deis againn iad sin ar fad a dhéanamh.

Micheal Ó Dómhnaill: Micheál Ó Domhnaill anseo arís ó Choláiste Chiaráin. Maidir leis an socrú suas ag an tús, tá beagán oibre i gceist leis, ach déanann an ardán OGMA an-éasca duit é. Seolann siad seicliosta rudaí atá le bheith acu chun an córas a réiteach duit. Ní thógann sé i bhfad ach bíonn roinnt rudaí le bailiú. Níl sé deacair, tá an stuif ar fad ann, ach é a fháil le chéile, agus é a sheoladh chuig OGMA chun an córas a chur le chéile. Maidir le socrú suas, nó settáil suas, ní raibh mórán fadhbanna againne, agus tá beagán oibre i gceist, ach tá obair i gceist le chuile rud, rud, is b’fhiú go mór é nuair atá sé déanta. Déanann OGMA thar a bheith éasca duit é. Tugann siad liosta duit agus caithfidh tú just an stuif sin a sheoladh chucu, ach tá an stuif sin uilig againn ar aon nós. Níl sé deacair, agus mar a dúirt mé, mholfainn go mór é.

Aoife de Paor : Aon uair atá tú ag tosnú le córas nua, tógann sé beagáinín ama is dócha, agus b’fhéidir beagáinín foighne, ach bhí sé an-éasca sonraí a inchur, agus ag dul ón sean-chóras go dtí an córas nua. Bhí sé éasca dul i gcleachtadh ar an gcóras nua, mar tá sé an-soiléir tú mar chabhair an-soiléir ar fad.

Sinead Breen: Mar a tharla sé, bhí an settáil suas mar a thugtar air, déanta dom cheana féin. Thug leas- phríomhoide eile an ríomhaire déanta dom cheana féin. Thug leas- phríomhoide eile an ríomhai dom agus bhí sé déanta. Chun a bheith ionraice níor thóg sé ach dhá nóiméad mar bhí sé chomh héasca sin le n-úsáid, agus níl deacrachtaí ar bith ag baint leis. Níor mhothaigh mise aon deacrachtaí ná fadhbanna ar bith leis sin.

Sinéad Ní Dhonnchú: Ní raibh orm féin aon settáil suas a dhéanamh, i ndáiríre. Rinne Siobhán agus Seán é sin. Nuair a thosaigh muid ag baint úsáid as ar dtús, bhí sé an-áisiúil, an-éasca. Bhí gach rud leagtha amach go cruinn. Bhí muid in ann teacht ar sonraí na ndaltaí, na mban tí, na tithe, agus na tuismitheoirí, agus bhí sé iontach.

Neasa Nic Shéalaigh: Caithfidh mé a rá, ní raibh fadhb ar bith agam dul i gcleachtadh ar an gcorás nua seo. Tá sé breá sciobtha nuair atá tú ag Tá sé an-éasca le húsáid. Tá sé breá sciobtha nuair atá tú ag iarraidh

Neasa Nic Shéalaigh: teacht ar aon eolas faoi scoláire, nó má tá tú i bun pleanála do chúrsa atá le tosnú.



Produced with Vocal Video