6:48

Client Testimonial

July 06, 2022

Video Transcript


Speakers: Carmel Nic Eochaidh, Bainisteoir - Spleodar. Aogan Mac Conmara, Bainisteoir Riarúchán, Spleodar. Micheal Ó Dómhnaill, Bainisteoir, Coláiste Chiaráin. Sinéad Ní Dhonnchú, Leas-Phríomhoide, Coláiste Chamuis. Sinead Breen, Leas-phríomhoide, Coláiste Chamuis. Aoife de Paor , Coláiste Chiaráin . Neasa Nic Shéalaigh, Príomhoide , Coláiste Chamuis

Cén chaoi a raibh tacaíocht iar-díola OGMA? An éisteann siad le haiseolas ó chustaiméirí? Tabhair sampla, le do thoil.

Aogan Mac Conmara: Mar gur córas é seo a bhíonn i gcónaí ag feabhsú, bíonn smaointe nua ó OGMA agus ó na coláistí samhraidh, mar gheall tá OGMA an-tapaí an aiseolas a thugann muid a chur i bhfeidhm ar na gcóras. Tá sampla agam anseo - bhí muid ag iarraidh na busanna a settáil suas ar líne don chead uair riamh agus d’iarr muid ar OGMA é seo a chur le chéile. Rinne siad é na-tapaí agus anois tá tuismitheoirí in ann suíocháin ar na mbus a ‘bookáil’ agus íoc ar líne, seachas airgead tirim,

Carmel Nic Eochaidh: Bhí an tacaíocht iar-díola a fuair muid ó OGMA ar fheabhas ar fad. Aon mholtaí a bhí againn de réir mar a thosaigh muid á úsáid, aon mholtaí a bhí againn, d’éist siad linn. Chur siad aon athruithe, ceann de na mór athruithe a rinne siad dúinn na gur thug siad an deis dúinn a bheith in ann foirmeacha iarratais na scoláirí, a bhí orthu a athrú, mar shampla dá mba rud é gur athraigh uimhreacha fóin tuismitheoir le linn na bliana, bhí muid in ann é sin a athrú ar an spota. Chabhraigh sé sin go mór. Chomh maith leis sin, nuair a bhí muid ag cur tús leis leis an bpróiséas chun ligean do na scoláirí íoc as na busanna ar líne, líne, is iadsan a chur é sin le chéile dúinn. Bhí an-tacú agus a d’éist linn agus a chur na rudaí a bhí uainn i bhfeidhm go hiontach ar fad.

Micheal Ó Dómhnaill: Maidir leis an tacaíocht iar-díola le OGMA, tá chuile rud go breá. Bhíodh mise ag déileáil le Patrick an t-am ar fad. Ag an tús bhíodh neart cruinnithe againn chuile chúpla seachtain ag seiceáil an raibh chuile rud ag obair go maith, agus cén chaoi a raibh an córas, agus rudaí mar sin. Aon uair a raibh aon athruithe ná tada le déanamh, bhí siad i gcónaí ag cuardach aiseolas uainn, mar go bhfuil muid ag deileáil leis na coláistí samhraidh le blianta fada agus tá siad ag iarraidh go mbeidh an córas ag obair go breá. Chomh maith leis sin, tá tú in ann téacs nó ríomhphost a sheoladh agus tagann siad ar ais díreach le réiteach ar an bhfadhb, nó freagra duit. Maidir leis an gcóras, agus an tacaíocht iar- díola tá sé thar cionn ar fad, thar a bheith sciobtha ag teacht ar ais le freagra, agus an-mhaith ag coinneáil i dteagmhail linn maidir leis na rudaí difriúla atá siad á dhéanamh. Coinníonn siad muid suas chun dáta. Má tá siad ag obair ar rud éigin, bíonn a fhios againn céard ar a bhfuil siad ag obair. Faigheann muid emails anois agus arís ag rá, an tseachtain seo tá muid ag obair ar seo, nó an mhí seo tá muid ag obair ar invoicing le haghaidh turais, tá muid ag dul ag obair ar chóras busanna, go mbeidh muid in ann bus a bookáil dóibh siúd atá ag teacht ar bhusanna. Bhí rud éigin eile a bhí mise ag iarraidh a dheanamh, agus ní raibh aon fhadhb l Chuaigh mé i dteagmháil le Patrick, ‘an bhfuil mé in ann é seo a dhéanamh chun rudaí a dheanamh níos éasca domsa’. Thóg Patrick é agus bhí sé in ann é a chur ar an gcóras dom. Bhí sé sin go breá. Mar a dúirt mé, aon uair a raibh ceist againn, nó fadhb, thiocfadh Patrick ar ais an-sciobtha ar fad agus má tá muid ag iarraidh rudaí a chur leis, bíonn siad i gcónaí sásta éisteacht. Aon rud beo, fós, a bhí mise nó duine eile ag iarraidh cur leis an gcóras, tá sé curtha leis an gcóras, chun an jab a dhéanamh níos éasca dúinn. Tá an tacaíocht iar-díola thar cionn, mholfainn go mór iad, mar a dúirt mé bhí neart ríomhphoist agus neart cruinnithe againn. cionn, mholfainn go mór iad, mar a dúirt mé bhí neart ríomhphoist agus neart cruinnithe againn. Bíonn Patrick i gcónaí ag cuartú cruinnithe, nó zoom, nó dul i dteagmháil, just le seiceáil isteach agus seiceáil an bhfuil chuile rud ag oibriú go maith, agus céard atá pleanáilte acu don corás, agus go minic bíonn rudaí curtha leis freisin. Bíonn siad i gcónaí ag cur leis an t-am ar fad. Go raibh maith agaibh.

Aoife de Paor : Tá an tacaíocht ó OGMA an-mhaith ar fad. Má chuireann tú ceist, má bhíonn ceist, tá freagra i gcónaí, tá réiteach na faidhbe le fáil i gcónaí, go sciobtha agus le dea-thoil. Tá na treoracha simplí agus soiléir agus éasca a leanúint. Bhí muid ag iarraidh go mbeadh an fhoirm tinneas agus ailléirgí le bheith íoslódáilte dá mo ghá. Bhí an fhadhb réitithe taobh istigh de lá nó dhó. Iontach ar fad.

Sinead Breen: Ní raibh baint agam féin leis an taobh seo seo d’úsáid an chóras, mar a thuigean tú, is bainistíocht don chuid is mó a bhí ag déileáil libh, ach ní raibh deacracht ar bith againn.

Sinéad Ní Dhonnchú: Bhí Patrick iontach cabhrach agus is léir go bhfuil plean fad-téarmach, cuimsitheach curtha le chéile ag an bhfoireann agus chabhraigh sé le cibé rud. Chabhraigh Patrick agus an fhoireann go mór linn agus muid ag obair ar na cúrsaí.

Sinéad Ní Dhonnchú: D’éist siad le cibé ábhar imní a bhí againn, agus réitigh siad na fadhbanna freisin. Tá plean fad-téarmach,

Sinéad Ní Dhonnchú: cuimsitheach curtha le chéile acu, agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis an gcóras arís an bhliain seo chugainn.

Neasa Nic Shéalaigh: Bhí an-tacaíocht le fáil i gcónaí ó déantúsóirí an chóras nua seo. Ceann de na moltaí a bhí agam féin na go mbeadh muid in ann na scoláirí a scagadh de réir ainm duine, dáta breithe agus seoladh, agus go mbeadh muid in ann é sin a chruthú mar fillteán Excel, agus go mbeadh muid in ann é sin a úsáid do na rollaí, mar atá leagtha amach ag an roinn, agus rinne sé sin rudaí i bhfad níos éasca ansin ó thaobh pleanáil ranganna de.



Produced with Vocal Video